Bhí Ceilí Mór againn sa scoil chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Bhí ceol agus rince ar siúl sa halla agus bhain na daltaí agus na múinteoirí an-taitneamh as an lá. Rinne gach rang iarracht na céimeanna damhsa a fhoghlaim agus bhí atmaisféar iontach sa scoil. Lá speisialta a bhí ann do gach duine.


